Creid é nó ná creid é ach d'éirigh linne áit a bhaint amach ar an ardán i bPáirc an Chrócaigh Inné! Bhíomar sa Chaobh Comórtas sa Chatagóir 'Gaeilge' as ár n-iarrachtaí an ghaeilge a chur chun cinn in ár ngnó sa chomórtas All Star ag an All Ireland Business Summit. Bhíomar an-bhródúil as an aitheantas sin a fháil agus as an deis an scéal a scaipeadh go forleathan go bhfuil Gaeilge agus Fáilte ar fáil in ár dtigh!
Bhí sár lá againn Lá 'le Pádraig, ba é an dara huair dúinn páráid a bheith againn ar Chléire. Bhí fás agus forbairt uirthi i mbliana! Ghlac slua breá páirt inti idir óg agus aosta, idir oileánaigh agus cuairteoirí.
Tugadh suntas de ghnéithe de chultúr agus traidisiún an oileáin, feirmeoireacht, farraige, stair, ceol agus rince. Bhí Gallán Chléire le feiceáil, Éan mór mílteach agus bhí a chairt féin maisithe suas go gleoite ag an mBád Farantóireachta.
Naomh Chiarán- Naomh an Oileáin
Is é Naomh Chiarán, Naomh patrún an oileáin agus tá sé luaite in Anála Inis Fathalainn gur rugadh é ar Chléire sa bhliain 352. Ba de shliocht uasal é, duine de Ríthe Osraighe é a athair agus banphrionsa den Chorca Laoighe a mháthair Liadhan. De réir an tseanchais nuair a bhí a mháthair ag súil leis go raibh brionglóid aici gur thit réalt anuas ón spéir isteach ina béal. D’inis sí an scéal leis an draoi agus dar leis bheadh Mac aici a bhainfeadh éachtaí amach agus b’fhíor dó!
Inniú an chéad lá ar mhothaigh mé teacht an Earraigh!
Tá's agam go raibh sé de cheart agam é sin a rá lá 'le Bríde ach dáiríre ní mar sin a bhí!
d'Ardaíos mo sheol agus seo liom chuig an tollán.
Inniú thugas na síolta a cheannaíos i Mí Eanáir anall liom.
Bhí na plandaí a bhí istigh agam ó Mhí Dheireadh Fómhair (chun iad a shábháil ón aimsir chrua) ag cur dath glas an Earraigh orthu féin.
Dearfainn fiú gur tháinig fás orthu thar oíche.
d'Fhéachas ar an bhfíniúin agus bhí mar a bheadh bachlóga beaga ag teacht air!
Eanáir na hainnise
Eanáir na hainnise
Stoirmeacha ag réabadh
Gan stad gan staonadh
Geataí ag scréachadh
Siúlóid ghearr
Gas glas na cainninne ag péacadh
Nóimeat gréine
Dóchas arís!
le TNí L