Nollaig Shona Happy Christmas

18Dec

Nollaig Shona Happy Christmas

Támid geall a bheith réidh anois don Nollaig. Anocht lasadh na soilse sí ar bhinn a tí, críoch agus deireadh anois leis an maisiúchán !!! Is deas na soilse a fheiscint ag lonrú ó bheagnach chuile theach ar an oileán agus tá an cuan maisithe go gleoite. Cuireann sé go mór le hatmaisféar na Nollag agus is ardú croí  dúinn go léir iad- go háirithe do na daoine atá ag filleadh abhaile ón mórthír chun an Nollaig a chaitheamh lena gclann. Cloítear leis na seantraidisiúin agus Oíche Nollag lasfaidh an té is óige sa teach Coinneal na Nollag, ceannaítear ceann nua chuile bhliain agus bíonn sé dearg le téagar ann ina sheasamh go daingean i sean-phróca.  Solas ag soilsiú an tslí do Mhuire agus Iosaef agus iad ag lorg bheith istigh i mBeithil, siombal den reált a threoraigh na Trí Ríthe go Beithil, fógra in aimsir na bpéindlíthe gur clann chaitliceach iad líon a'tí, paidir é an coinneal do dhaoine ar shlí na fírinne nó do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas a bheith sa teach don Nollaig, fógra go bhfuil fáilte roimh an strainséar agus ar deireadh siombal den dóchas ag daoine go mbeidh an athbhliain go maith dóibh.  Nollaig Shona agus athbhliain fé mhaise, ó Mhuintir Uí Lionáin @capeclearbnb

Well the fairy lights are all up and the decoration is finally finished, no more trips to the attic for a while!!  It isn't christmas here in our house until Dad lights up the fairy lights outside! The Christmas lights on Cape are just lovely- almost every house on the island lights up for the season and the harbour area looks fantastic. The twinkling lights light up our hearts, defy dúluachair an gheimhridh or winter darkness and also they form part of a special welcome for family and friends returning home for a Cape Christmas. While fantastic fairy lights are lovely there is a space too for the Christmas Candle,( a new one must be used every year for luck) traditionally a red pillar candle standing in a jam-jar and lit by the youngest person in the house on Christmas Eve. The candle has many special meanings for people -  as a light for Mary and Joseph to find the stable in Bethlehem, a symbol of the star that guided the Magi,   a signal in Penal Times that it was a catholic house and clergy were welcome, a form of prayer for people who are gone from this world or for people who can't be in the house, a symbol of welcome to the stranger and symbol of hope for the coming year.   Wishing you a Happy Christmas and a healthy and prosperous New Year from all of us at capeclearbandb.ie

Book Accommodation Now!