Swarm season is well and truly here. Bait hives are up but the ladies don’t like them. I have seen a few bees milling about checking out the empty hives but so far no takers! The ladies are very picky not every post code will suit, there is some suggestion that bees prefer to have the hives sited on ley lines if of course they actually exist!.
Beidh Lá mór scannán ar siúl ar Chléire amárach an 26ú Bealtaine.
Taispeánfar scoth na scannán a rinneadh trí mheán na Gaeilge.
Beidh réaltaí ós na scannáin i láthair do chomhrá futhu.
Ar na scannáin is mó rachairte tá an scannán 'Doineann' a bheidh ar taispeáint i measc scannán eile óna 2go 4 IN
Gach eolas ó Fastnetfilmfestival.com.
Seans maith go mbeidh oíche go maidin ann, socraigh do lóistín linne, úsáid an widget buí!
The stars of the of the big screen as Gaeilge will be here on Cape tomorrow.
Zero waste!
Toisc an aimsir a bheith meirbh bhíos abálta tabhairt faoi na beacha inné.
Is fada ó chuireas orm an chulaith agus ó lasas an ceansaitheoir. Is breá liom boladh an deataigh agus boladh na coirceoige is boladh an tsamhraidh é!
Bhuel a chairde anois go bhfuil na srianta ag cúlú siar tá an dóchas ann nach mbeidh aon bhac ar athoscailt ar Lá 'le Chiaráin faoi mar a dheinimis i gcónaí! Táimid ar bís le fáilte a chur romhaibh arís go luath!
Anois go bhfuil lá saoire bainc sa bhreis ann i mbliana tá deis sa bhreis ann daoibhse seal a chaitheamh inár dteannta! Is féidir teagmháil a dhéanamh linne leis an bhfoirm ar an suíomh anseo.