Tá an t-Earrach Tagtha

09Feb

Tá an t-Earrach Tagtha

Inniú an chéad lá ar mhothaigh mé teacht an Earraigh!

Tá's agam go raibh sé de cheart agam é sin a rá lá 'le Bríde ach dáiríre ní mar sin a bhí!

d'Ardaíos mo sheol agus seo liom chuig an tollán.

Inniú thugas na síolta a cheannaíos i Mí Eanáir anall liom.

Bhí na plandaí a bhí istigh agam ó Mhí Dheireadh Fómhair (chun iad a shábháil ón aimsir chrua) ag cur dath glas an Earraigh orthu féin.

Dearfainn fiú gur tháinig fás orthu thar oíche.

d'Fhéachas ar an bhfíniúin agus bhí mar a bheadh bachlóga beaga ag teacht air!

Luíos isteach ar an obair agus tá an chuid is mó de na síolta curtha anois, bedsa ag faire ar na traidirí gach aon lá leis na buinneoga a fheiceáil ag péacadh amach!

Mura ndéanann mo chara ceithre chosach tuilleadh damáiste.

Ag tús na míosa bhíos ag súil leis na lusanna ar nós lus an chrom cinn agus hiasaint a fheiceáil romham chonac in ionad sin an slád! Ní raibh fágtha ach préamhacha, pé ní é  thugas cuairt ar an siopa crua earraí agus ceannaíos  bosca plaisteach agus chuireas na bunóga marfacha  gorma isteach ann dó!

Ní raibh oiread agus ceann amháin fágtha inniú marsin dearfainn gur líon sé a bholg leo! 

mar a dearfadh daoine fadó mallacht agus marbhfháisc ar an bhFrancach!

Ach féachaigí ar an bhfíseán de Bonnie agus Max ag rith thart sa pháirc tá aoibhneas agus áthas an Earraigh orthu!

 

 

 

Book Accommodation Now!