Naomh Chiarán- Naomh an Oileáin

02Mar

Naomh Chiarán- Naomh an Oileáin

Naomh Chiarán- Naomh an Oileáin

Is é Naomh Chiarán,  Naomh patrún an oileáin agus tá sé luaite in Anála Inis Fathalainn gur rugadh é ar Chléire sa bhliain 352. Ba de shliocht uasal é, duine de Ríthe Osraighe é a athair agus banphrionsa den Chorca Laoighe a mháthair Liadhan. De réir an tseanchais nuair a bhí a mháthair ag súil leis go raibh brionglóid aici gur thit réalt anuas ón spéir isteach ina béal.  D’inis sí an scéal leis an draoi agus dar leis bheadh Mac aici a bhainfeadh éachtaí amach agus b’fhíor dó!

Chuaigh Ciarán chuig an Róimh agus rinneadh Easpag de. De réir an tseanchais nuair a bhí sé ar a bhealach abhaile ón Róimh I dteannta le Deaglán bhuail sé le Pádraig ar oileán Lérins sa bhFrainc agus go ndúirt Pádraig leis cathair a bhunú ag Saghair in Uíbh Fáilí agus go mbuailfidis le chéile ann. Ba é Ciarán an chéad Easpag Gaelach agus thug sé leis an gcríostaíocht go hÉirinn roimh Phádraig Naofa. Ba iad a mhuintir féin, Eidrisceoil Chorca Laoighe a chéad ghlac leis an gcríostaíocht ar Chléire agus a bhronn air an talamh ina bhfuil an reilig agus fothrach de Sheipéal Chiarán inniú.  Más fíor gach atá ráite go dtí anois caithfear glacadh leis gurb é  Reilig Chiarán  an suíomh críostaíochta is seanda in Éirinn. Luaitear go raibh Naomh Chiarán I gCorn na Breataine agus gurbh é Naomh na mianadóirí é, gur chaith sé seal sa bhFrainc agus in Alban, sa lá inniú ann déantar omós don Naomh I gCampbelltown ar an gcuigiú lá de Mhárta mar a dhéanaimid anseo ar Chléire. Bhunaigh sé cathair naofa Saghair Chiaráin in Uíbh Fáillí. Is iomaí miorúilt a luaite le Naomh Chiarán, deirtear go raibh bá aige le hainmhithe agus le daoine breoite agus gur éirigh leis daoine agus ainmhithe a thabhairt ar ais ón mBás. Tá Tobar Chiarán thíos I dTrá Chiarán agus deirtear nach féidir an t-uisce beannaithe a bheiriú. Ar an gcuigiú Márta bíonn paidreacha thíos I dTrá Chiarán in omós don Naomh. Tógann daoine agus t-uisce beannaithe ón tobar abhaile leo agus deirtear má thógtar cloch ón tobar go dtabharfaí mian do chroí duit!

A Chiaráin ghlégheal

A Rugadh I gCléire

Is a thug solas Naofa

Chugainn thar lear

Tá do dhaoine féinig

Go síoraí ag éamh ort

Na grásta a thuilleamh ó Neamh.

Do bhíse féinig

Id leanbh aonair

Is d’fásáis suas

Chun bheith I’d fhear.

Do fuairis an glaoch úd

Do dhein tú Naofa.

Is do chuir gach ní

Id chóir I gceart.

Tá an lá úd áirithe

Tugtha go lán duit

An cúigiú  lá Márta

I’d shaoire ar fad

Is cóir bheidh ag guí chugat

De ló agus d’oíche

Chun tú bheith síoraí inár measc.

Cáit Ní Shíocháin, Cnocán na mBairneach. Cléire.

Tagann an t-eolas seo ón leabhar ‘Naomh Ciarán Pilgrim Islander- le Éamonn Lankford.

 

Cape Clear Narnia

In the last few days 'The Beast From The East' has made itself known to us. We are now covered in a blanket of snow which hasn't happened here since 2010. A snowy island is such a rare event that I think both adults and children have been equally fascinated. Often people say to us, How do ye cope with the weather on the island? and I would say we have the privilege of enjoying it. The island is so small that you can go anywhere on foot. There is something lovely about walking down the road with feet crunching powdery snow and  allowing the snowy silence  to engulf you, even the sea is quiet. Cars can't travel due to the underlying ice and the difficulty of gaining traction on the fine snow; so there is a wonderful calm. Even the birds are quiet as they devour seeds and apples and porridge left for them in the garden. We have no worries about our work commutes really, it is just a matter of wrapping up warm and trudging off to your destination,  a reminder of times gone by when people travelled on foot. One feels almost as if Christmas had returned, the government warnings have meant that we can all enjoy a guilt free duvet day, how wonderful!! As I write the frozen grip is lifting and the tap is gushing with water again and so this snowy interlude will soon be replaced by all the work that was put on hold-but that's ok, it was lovely. 

 

Book Accommodation Now!