St. Partick's Day Parade Cape Clear Parade Lá le Pádraig Haven Coast

20Mar

An Pharáidín ghleoite ar Oileán Chléire!

Bhí sár lá againn Lá 'le Pádraig, ba é an dara huair dúinn páráid a bheith againn ar Chléire. Bhí fás agus forbairt uirthi i mbliana! Ghlac slua breá páirt inti idir óg agus aosta, idir oileánaigh agus cuairteoirí.

Tugadh suntas de ghnéithe de chultúr agus traidisiún an oileáin, feirmeoireacht, farraige, stair, ceol agus rince.  Bhí Gallán Chléire le feiceáil, Éan mór mílteach agus bhí a chairt féin maisithe suas go gleoite ag an mBád Farantóireachta.

Book Accommodation Now!