Réalt Uile Éireann as Eispéireas Turasóireachta Gaeltachta

20Apr

Réalt Uile Éireann as Eispéireas Turasóireachta Gaeltachta

Creid é nó ná creid é ach d'éirigh linne áit a bhaint amach ar an ardán i bPáirc an Chrócaigh Inné! Bhíomar sa Chaobh Comórtas sa Chatagóir 'Gaeilge' as ár n-iarrachtaí an ghaeilge a chur chun cinn in ár ngnó sa chomórtas All Star ag an All Ireland Business Summit. Bhíomar an-bhródúil as an aitheantas sin a fháil agus as an deis an scéal a scaipeadh go forleathan go bhfuil Gaeilge agus Fáilte ar fáil in ár dtigh! Is iomaí duine fásta in Éirinn a bhfuil na bliana fada caite aige nó aici ag treabhadh go tréan i ngort na Gaeilge agus nuair a bhfágtar an tseirbhís oideachais ní bhíonn mórán deiseanna ar fáil an Ghaeilge a úsáid sa saol réadúil mar a dearfá! Bhuel mar is eol daoibh ar ndóigh is Gaeltacht nó Limistéar Pleanála Teanga é Oileán Chléire agus cuirtear fáilte roimh an nGaeilge anseo  i gcoitinne ach, inár dtighse,  is sinne, Muintir Uí Lionáin a thabharfaidh aire daoibh, is clann oileánda sinn, le gaeilge líofa ón gcliabhán againn agus is féidir libhse bhur gcúpla focal a úsáid linne gan fuacht gan faitíos! Is pobal eile sinn Pobal na Gaeilge agus dá mhéad deiseanna labhartha agus dá mhéad seirbhísí as Gaeiige a chuirfear ar fáil 'sé is fearr é do inmharthanacht na teanga, mar a deir an tseannath 'Beatha Teanga í a Labhairt'! Tá an-áthas orainn a rá go bhfuil tuilleadh forbairt á dhéanamh againn ar an suíomh seo chun cuidiú le gach duine an cinneadh dearfach i leith na Gaeilge a dhéanamh agus ar ndóigh, nach deas an rud é tú féin a thumadh sa chultúr ina bhfuil tú ar saoire ann? glacaigí leis an gcuireadh chun cainte!

We are delighted to have been in the finals of the All -Star Irish Category,  of The All-Star Business Summit in Croke Park, and we were especially thrilled to have recived recognition of our efforts to promote the use of |Irish/Gaelic in our buisness. We feel very strongly as Irish speakers ourselves that many,many people have spent years and tears learning Irish in the education service but then the opportiunites to use irish in 'real life' are few and far between,  We love to do business in Irish and we encourage you to use your cúpla focal with us when you are here. Immerse yourself in your own culture, Why not?

Take us up on our invitation to use Irish- 

 

Book Accommodation Now!