Nollaig Shona

18Dec

Nollaig Shona Happy Christmas

Támid geall a bheith réidh anois don Nollaig. Anocht lasadh na soilse sí ar bhinn a tí, críoch agus deireadh anois leis an maisiúchán !!! Is deas na soilse a fheiscint ag lonrú ó bheagnach chuile theach ar an oileán agus tá an cuan maisithe go gleoite. Cuireann sé go mór le hatmaisféar na Nollag agus is ardú croí  dúinn go léir iad- go háirithe do na daoine atá ag filleadh abhaile ón mórthír chun an Nollaig a chaitheamh lena gclann.

Book Accommodation Now!
16Dec

Nollaig Shona!

Nollaig Shona dhaoibh ar fad a chairde! Buíochas le Dia go bhfuilmid ag druidim le deireadh na bliana seo, bliain na paindéime. Is faoiseamh iontach é a bheith ag caint ar an Nollaig seachas an rud eile!. An tigh á ullmhú, liostaí siopadóireachta á chumadh, pleananna á réiteach agus sinn ag tnúth le filleadh ár mbaill clainne ón mórthír. Tá an t-oileán ag féachaint go hálainn. Tá soilse sí in airde ar fud na háite. Tá an cuan go hálainn, le soilse is crainn nollag. Fáilte álainn roimis na daoine ag tarraingt ar an mbaile do na laethanta saoire agus saoirse taistil i ndeireadh báire. 

Book Accommodation Now!
24Dec

Nollaig Shona!

Nollaig Shona agus Athbhliain Faoi Mhaise dár gcairde, gcustaiméirí agus dár soláthróirí. Tá súil againn go mbainfidh sibh súip as an Nollaig, go mbeidh sos breá agaibh agus go bhfeicfimid a chéile arís nuair a osclóimid ar Lá le Ciaráin, an Cúigiú lá de Mhárta 2019. Táimid féin chun sos beag a ghlacadh, sult a bhaint as an suaimhneas  agus as an  gcomhluadar.Tá an Mainséar  sa chistin, an turcaí tagtha, na maisiúcháin in airde,  na soilse ar lasadh agus coinneal sa bhfuinneog agus bronntanais faoin gcrann. Slán go dtí an athbhliain!

 

Book Accommodation Now!