Blog

16Dec

Nollaig Shona!

Nollaig Shona dhaoibh ar fad a chairde! Buíochas le Dia go bhfuilmid ag druidim le deireadh na bliana seo, bliain na paindéime. Is faoiseamh iontach é a bheith ag caint ar an Nollaig seachas an rud eile!. An tigh á ullmhú, liostaí siopadóireachta á chumadh, pleananna á réiteach agus sinn ag tnúth le filleadh ár mbaill clainne ón mórthír. Tá an t-oileán ag féachaint go hálainn. Tá soilse sí in airde ar fud na háite. Tá an cuan go hálainn, le soilse is crainn nollag. Fáilte álainn roimis na daoine ag tarraingt ar an mbaile do na laethanta saoire agus saoirse taistil i ndeireadh báire. 

05Oct

The end of season 2020

We would like to say thank you most sincerely to all of you who stayed with us this year and especially those of you who kept the faith with us that we would even be able to open at all this year. Your support meant the world to us not to mention your kind understanding around the operational changes we had to make to keep us all safe. We were blessed to have you with us.

25Sep

Samhradh 2021 Ó Mheitheamh ar aghaidh

Táimid ag súil go mór le samhradh 21 agus le fáilte a chur romhaibh arís.

Tá an cuma ar an scéal go mbeimid ar oscailt am éigin ó Mhí an Mheithimh ar aghaidh.

Táimid ag cur fáilte roimh airithintí agus is féidir teagmháil a dhéanamh linne leis an bhfoirm cuí (contact us).

Idir an dá linn fánaigí slán,

Beir Bua,

Tríona

26Jun

Safety Charter

Good News all the team here have successfully completed Safety Charter  training so you can have confidence that we are continuing to prioritize safety and wellbeing,

So make the most of your summer, and book now!!

see you soon!

Tríona

 

Áthas an domhain orainn go bhfuil an cúrsa oiliúna 'Safety Charter' curtha i gcrích go ráthúil ag gach ball foirne, bígí  muiníneach go bhfuil dea-bhraistinte agus sábhailteacht ar an gcloch is mó ar ár bpáidrín.

Fáilte romhaibh ar ais chugainn,

Bígí i dteagmháil.

Tríona