Zero waste!
Toisc an aimsir a bheith meirbh bhíos abálta tabhairt faoi na beacha inné.
Is fada ó chuireas orm an chulaith agus ó lasas an ceansaitheoir. Is breá liom boladh an deataigh agus boladh na coirceoige is boladh an tsamhraidh é!
Bhuel a chairde anois go bhfuil na srianta ag cúlú siar tá an dóchas ann nach mbeidh aon bhac ar athoscailt ar Lá 'le Chiaráin faoi mar a dheinimis i gcónaí! Táimid ar bís le fáilte a chur romhaibh arís go luath!
Anois go bhfuil lá saoire bainc sa bhreis ann i mbliana tá deis sa bhreis ann daoibhse seal a chaitheamh inár dteannta! Is féidir teagmháil a dhéanamh linne leis an bhfoirm ar an suíomh anseo.
Cé go samhlaímid meath agus éag leis an ngeimhreadh aontaímse féin leis na seancheiltigh! Mothaím gur seasúr athnuachana é. Ciúiníonn an t-oileán agus bíonn seilbh againn arís ar an áit, féadaim siúil ó thaobh amháin go taobh eile leis an madra gan carr nó comhrá a chloisint ach síorsíosarnach na farraige agus ceol na n-éan im' chluaise. (Ní fhaca mo Gharmin aon aicsean ó Mhí Aibreáin!! bhíos róghnóthach!!) bhain mé an deannach de le déanaí agus anois go bhfuil an aimsir thirim agus fuar tá sé foirfe chun tabhairt faoi na cnoic arís!
We are open till novst so you can still book your island escape or birdwatching trip or just take time out for yourself.
Ar oscailt go dtí samhain 1ú deis fós ann chun saoire a chur in áirthe duit féin agus an deis a ghlacadh bheith ag faire na n-éan!