Tá an tEarrach ar an táirseach!

23Jan

Tá an tEarrach ar an táirseach!

Bhuel a chairde anois go bhfuil na srianta ag cúlú siar tá an dóchas ann nach mbeidh aon bhac ar athoscailt ar Lá 'le Chiaráin faoi mar a dheinimis i gcónaí! Táimid ar bís le fáilte a chur romhaibh arís go luath!

Anois go bhfuil lá saoire bainc sa bhreis ann i mbliana tá deis sa bhreis ann daoibhse seal a chaitheamh inár dteannta! Is féidir teagmháil a dhéanamh linne leis an bhfoirm ar an suíomh anseo.

Tá an aimsir breá sochair na laethanta seo marsin tá an cumhacht-níteoir á bhlaisteáil ar na cosáin timpeall an tí agus iad comh bán le sneachta anois! Tháinig na síolta dos na bláthanna roinnt laethanta ó shín agus táimse réidh len iad a chur sa tollán (Lá le Bríde)  ionnas go mbeidh raidhse foráiste ar fáil dos na beacha agus na feithidí. Cuireann crónán na mbeach agus dathanna na bhféidhleacán go mór le háilleacht an ngairdín agus ar ndóigh le bitheagsúlacht na háite. Tá róiseanna nua curtha againn le seachtain anuas agus roinnt eile fós le cur isteach maraon le clematis agus táthfheithleann a dhreapfaidh in airde ar an teach agus ar roinnt de na fallaí leis. Má oibríonn an plean ba cheart go mbeidh cumhrán álainn sa ghairdín san iarnóin nuair a bhíonn sé de nós ag go leor dár gcuairteoirí sos a ghlacadh agus féachaint ar an ngrian ag dul faoi. Ós rud é go bhfuil roinnt ama sa breis agam táimse ag tabhairt faoin ndúshlán #100daysofwalking agus mé ag siúl thart tógaim cúpla snap chuile lá is féidir na pictiúirí/ físeáin a fhéiceáil ach mé a leanúint ar Twitter @capeclearbnb agus ar Instagram Triona@capeclearbnb cúpla radharc de Chléire in amanna nach féidir le daoine am saor a ghlacadh chun a bheith linn! Cé go bhfuil roinnt seachtainí ann sula mbeimid ar oscailt is féidir teagmháil a dhéanamh linn anois maidir le saoire a chur in áirithe agus táimid ag saothrú go dian chun go mbeidh gach rud álainn agus ullamh daoibh nuair a thagann sibh chugainn. idir na dá linn tóg bog é!

We are counting down now till we open on March 5th St Ciarán's Day. We are so looking forward to re-opening on the usual date at long last! 

We are so lucky at the moment the weather is dry and calm (very unusual for this time of year) and so the power washer is going full blast and all the paths are as while as snow! We are working hard to make sure that everything will be lovely for you when you arrive over to us and this year we have that extra bank holiday on Partrick's Weekend so you can really make a break for it and enjoy a few days of relaxation Contact us through our contact us page here on the site. A few days ago the annual load of flower seeds arrived so I am just about ready to plant then into the polytunnel on the first day of spring -St. Brigids Day.  The tunnel is a bit too cold to put anything in just yet but with the hours of daylight increasing steadily things should begin to warm up a little. We are planting a huge variety of flowers which should provide a good show from early summer to the first frosts, providing forage for bees, butterflies and other pollinators. As we speak the bulbs planted in autumn are peeping out ! We have just put in a load of new roses and we have some more to add, along with clematis and honeysuckle. The plan is that they will climb up the walls and offer a wonderful perfume wafting around in the garden from the afternoon till nightfall. As I have a bit of spare time just now I have taken up the #100daysof walking challenge and so every day as I go about I take a few snaps of the island you can see the pictures and videos by following us on Twitter @capeclearbnb and on Instagram Triona@capeclearbnb.So you can see what the Island is like! So why not drop over to us? get in touch and we will see you soon!

beir bua, Tríona

 

Book Accommodation Now!