Nollaig Mhór Mhaith Dhaoibh!

29Nov

Nollaig Mhór Mhaith Dhaoibh!

Cé go samhlaímid meath agus éag leis an ngeimhreadh aontaímse féin leis na seancheiltigh! Mothaím gur seasúr athnuachana é. Ciúiníonn an t-oileán agus bíonn seilbh againn arís ar an áit, féadaim siúil ó thaobh amháin go taobh eile leis an madra gan carr nó comhrá a chloisint ach síorsíosarnach na farraige agus ceol na n-éan im' chluaise. (Ní fhaca mo Gharmin aon aicsean ó Mhí Aibreáin!! bhíos róghnóthach!!) bhain mé an deannach de le déanaí agus anois go bhfuil an aimsir thirim agus fuar tá sé foirfe chun tabhairt faoi na cnoic arís! Is éard atá sa gheimhreadh i mo thuairmse ná deis anáil a tharraingt, sos a ghlacadh agus aghaidh a thabhairt ar thógraí agus ar spriocanna pearsanta agus deis é chun tabhairt faoi jabanna ar nós an gairdín a phleanáil do 2022, athchóiriú a dhéanamh ar sheomraí eagsúla sa tigh agus marsin de- faoin am go mbeidh mise ag cur fáilte roimh an gcéad chustaiméir in 2022 beidh neart déanta agus beidh mise lán d'fhuinneamh agus sprid arís!  Ach sula dtiocfaidh Mí an Mhárta arís táimse ag ullmhú don Nollaig, na maisiúcháin á thabhairt anuas ón ailéir, na boscaí á fholamhú agus an deannach á bhaint de na hornáidí chun go mbeidís lonnrach arís.  Is breá liomsa an Nollaig thar aon am eile sa bhliain, seo é an t-aon am saor a ghlacaimid i rith na bliana agus táimse ag súil go mór le fáilte a chur roimh mo ghaolta a bheas ar chuairt chugam agus suí síos agus dreas cainte a dhéanamh leo! Is iomaí corr atá sa saol a deir siad; ní heol dúinn i ndáiríre  cad a bheas romhainn amach mar sin ní mór breith ar na hocaidí áille ar nós an Nollaig agus taitneamh a bhaint astu.  Bhí bliain i bhfad Éire níos fearr againn i mbliana toisc go bhfuaireamar cead an tigh oscailt ón 2ú Meitheamh agus ní chreidfeadh sibh an gliondar a bhí orainn failtiú roimh dhaoine arís! Chaitheamar an t-earrach ag obair go dian ar na ngairdín agus ar an teach, bhíos ag péinteáil ar feadh roinnt mhaith seachtainí ach b'fhiú an tairbhe an trioblóid! Bhí sé de phléisiúr againn fáilte a chur roimh dhaoine ó gach uile chúinne de tír seo agus an corr duine ón Mór-Roinn agus óna Stáit. Bhí méadú suntasach ar líon na ndaoine a thainig chugainn i mbliana a raibh fonn orthu an Ghaeilge a úsáid, aon uair a thagann duine thar tairseach isteach le fonn air nó uirthi bheith ag caint as Gaeilge ardaíonn sé mo chroí! Is mian liom a rá go bhfuil mise thar a bheith buíoch as bhur dtacaíocht. Is tá áthas orainn gur féidir linn a rá gur choinníomar ár ngnó saor ó covid toisc na modhanna nua feidhmiúcháin a bhí in úsáid againn agus comhoibriú ár gcustaiméirí.  Is ábhar bhróid é gur bhaineamar amach Q-Mharc na Gaeilge i mbliana; aitheantas é sin ar an dtiomantas a léirímid go leanúnach don dátheangachas agus is dearbhú oifigiúil é gur féidir cumarsáid a dhéanamh sa tigh seo i do rogha de theangacha oifigiúla an Stáit gan dua gan deacracht! Bhí seachtain iontach agam ag deireadh na míosa seo chaite nuair a tháinig leaid óg chugam ar thaithí oibre. Bhí sé ar fheabhas an lámh chúnta a bheith agam. Chuidigh Riain go mór liom chun an tollán a ullmhú don gheimhreadh. Bhí orainn an fásra go léir a bhí istigh a bhaint amach agus an salachar(fiailí)  a bhaint amach as mar aon leis an obair sin a dhéanamh i gceapach na mbláthanna a bhí lofa le plandaí feoite agus sceacha a bhí ag iarraidh ionradh a dhéanamh! Fuaireamar an lámh in uachtar ar an obair ar fad agus an rud ba dheise faoi ar fad ná go raibh an-suim go deo ag Riain sa ghaeilge agus chuige sin a tháinig sé. Chaitheamar ár gcuid ama ag spalpadh Gaeilge le chéile agus tá súil agam gur chabhraigh an treimhse leis a bheith níos misniúla faoin nGaeilge atá aige! Bhuel sin a bhfuil uaimse anois tá súil agam go gcasfar sinn ar a chéile arís in 2022- beimid ar oscailt an 5ú Mhárta Lá 'le Chiaráin le cúnamh Dé! Má bhíonn fonn oraibh áirithintí dhéanamh is féidir teagmháil a dhéanamh liom leis an bhfoirm thuas. Beir bua agus bí slán! Tríona

Winter is with us and many people are not fans but  I love it! Winter to me is a time of renewal, reflection and a time when I get to take a break, enjoy the Christmas holidays (we are usually busy for the other annual events) relax, make plans for 2022 and attend to various jobs which were put on long finger during our tourist season. This year was so much more normal than last and we were so happy to be open and welcoming people again in June, a bit later than usual but so wonderful! We were so happy to welcome an increased number of Irish speakers this year. When someone comes through the door speakiing Irish honestly is really is a source of great joy, I think we had an increased number of Irish speakers this year because we were awarded the ISO Quality mark for Irish and people know that they can spend time here with us and communicate through Irish without any hassle at all. We are truly delighted with the award. We are so grateful that Cape Clear B&B / Ard na Gaoithe remains covid free and we think that is due to the anti- covid measures we have in place and also it is testament to the kind co-operation of our guests.  This October we hosted our first TY student and we were truly delighted to do so. Our student Riain came to us mainly to work on him Irish fluency and he also worked very hard helping me to clear and prepare the polytunnel and garden for Winter/Spring. It was wonderful to see a young person being so pro-active about adding to their language competency and we wish him the well in his academic endeavours. Right now I am taking down the christmas decorations from the attic dusting them off so they can shine bright for the season- we will be open again on March 5th all going well. If you want to make a booking you are welcome to send a query using the form. We wish you and yours a happy and peaceful Christmas and we look forward to welcoming you again in 2022. Beir bua, Tríona 

 

Book Accommodation Now!