Tá an -chaint na laethanta seo faoi dhúchas agus oidhreacht agus stair le comóradh Éirí Amach 1916 faoi lán t-seol fud fad na tíre. Bhíos féin ag caint le cara le déanaí faoi oidhreacht, béaloideas agus an ceangal idir dhaoine agus a ndúiche. Rinneamar macnamh ar na himircigh a chuaigh go Meiriceá fadó ón oileán seo agus thóg clanna thall. Anois is arís filleann a sliocht siúd ar an bhfód dúchais ach ‘sí an tragóid ná nach a ndúchas siúd é ach oiread, ní oileánaigh iad,déanann siad iontas de shaol an oileáin, lorgaíonn siad rian a mhuintir agus is deacair dóibh é a aimsiú uaireanta.
Book Accommodation Now!
19Mar