Roschoill Úr

31Jan

Roschoill Úr

Roschoill Úr

Ní haon ábhar iontais é go bhfuil fadhb mhór againn sa tír seo le bruscar, plaisteach agus astuithe C02. Tá daoine mór le rá ar nós David Attenborough ag impí orainn a bheith gníomhach san iarracht astuithe C02 a laghdú, éirí as plaisteach agus ar aile. Ní féidir neamhshuim a dhéanamh de na folairimh agus ní mór mar sin dul I ngleic leis an bhfadhb. Sa tigh seo táimid ag cur lenár n-iarrachtaí ár gcuid a dhéanamh ar son na timpeallachta. Faoi láthair déanaimid athchúrsáil ar bhruscar agus cuirimid ábhar orgánach isteach sa mhúiríneoir an ‘Mhuc Mhór’. Úsáidimid an múirín sa ghairdín chun an ithir a shaibhriú. Tá sé mar rún againn uasmhéad pláisteach a sheachaint, seachas málaí móra athchúrsála a chur amach chuile sheachtain, chuige sin táimid ag éirí as ‘clingwrap’ agus na soithí plaisteacha aon-úsáid do bhainne, subh, im agus galúnach.

 Tá an- áthas orainn go bhfuil na crainn dár gcéad roschoill choill curtha síos againn anois. I measc na gcrann a roghnaíomar tá an Fhearnóg Iodálach, An Castán Eorpach agus an Crann Crathach. Tá siad á chur againn ar chúpla chúis, sa chéad áit teastaíonn uainn línn C02 a chruthú chun cothromaíocht a chothú  idir an gcarbóin a úsáidimid agus an méid a shúfar isteach sna crainn. Ar an dara dul síos, deir saineolaithe go ndéanann na crainn, agus crainn duillsilteacha ach go háirithe gnáthóg úsáideach dos na héin agus gur foinse bia iad d’fheithidí agus beacha. Ar ndóigh táimid ag fáil réidh chomhmaith don lá nuair a leagfear cáineacha níos tromchúisí ar bhreolsaí  iontaise. Tá mé cinnte nach fada uainn an lá nach mbeidh ar chumas an gnáthshaoránach íoc as gual a thuilleadh agus creidim nach dtabharfar dóthain cabhair airgid do shaoránaigh athchóiriú iomlán a dhéanamh ar na corais teasa atá sna tithe. Is léir mar sin go bhfuil práinn áirithe le foinse adhmad inmharthana a sholáthar dínn féin. Is sean-nós é an roschoill a bhí in úsáid in Éirinn, sa Bhreatain agus atá fós in úsáid in áiteanna san Eoraip.

Is iomaí buntáiste a bhaineann le roschoill ach is é an ceann is mó ná gur féidir an t-adhmad a bhaint tar éis roinnt blianta idir 7-25 ag brath ar an saghas crann atá in úsáid.Ar ndóigh cuirfimid crainn gach uile bhliain ó seo go dtí go mbeidh na crainn a cuireadh ar dtús aibí agus ar an gcaoi sin ba cheart go mbeidh adhmad le baint chuile bhliain. Nuair a bhaintear an t-adhmad, fásfaidh géaga nua agus is féidir adhmad a bhaint ón gcrann céanna ar feadh na cianta. Anuas ar sin, má mheasctar na crainn beidh crainn d’aoiseanna éagsúla sa roschoill a sholáthróidh gnáthóga éagsúla dos na héin agus na feithidí. Caithfear meascán de chrainn a úsáid agus a bheith ag smaoineamh ar na  hiarmhairtí a eascróidh as na roghanna sin. Ní fiú crainn síorghlasa don ghnó seo ní chuireann siad le bithéagsúlacht agus ní féidir baint astu ach an t-aon uair amháin rud a fhágann an talamh bánaithe, scriosta.

Dhéanfadh sé an -mhaitheas don tír ó thaobh saibhriú na timpeallachta de dá ndéanfadh níos mó daoine an rud céanna, d’fhéadfaí gnónna nua a bhunú ar adhmad/turasóireacht/timpeallacht agus d’fhéadfaimis lancaisí an AE maidir le C02 a shásamh ar shlí a rachadh chun leasa an uile dhuine seachas cáineacha míthrócaireacha nua a leagadh ar na daoine is lú acmhainn.

In ár dtuairim is fiú an tairbhe an trioblóid agus mar a dúirt mo chomharsan liom, téifidh an crann tú fá thrí, nuair a chuireann tú é, nuair a bhaineann tú é agus nuair a lasann tú é!

.

 

Book Accommodation Now!