Trasna na dTonnta

13Jun

Trasna na dTonnta

Trasna na dTonnta dul siar dul siar

Bíonn na focail sin I mo cheann an tráth seo den bhliain ós rud é go bhfuil an t-oileán ina bhaile do slua mór déagóirí atá anseo chun snas a chur ar a gcuid Gaeilge ach dár ndóigh is cuid lárnach d’fhás aníos an déagóra é seal a chaitheamh sa ghaeltacht. Blaisfidh siad saol eile ar fad, seans gurb é an turas go dtí an Ghaeltacht an t-aon deis amháin  a bheidh acu an Ghaeilge a labhairt nós aon teanga eile  I gcomhluadar a gcomhaosach! Is deas an rud é daoine óga a chloisint ag spalpadh Gaeilge agus iad I mbun a ngnóithe féin; gura fada buan iad!  Ós ag caint ar Ghaeilge atáim, tá feachtas nua ar siúl, Bainim Úsáid As(aisti?)  nó #BÚAgaeilge, is iarracht atá ann gnólachtaí a chuireann seirbhís ar fáil as Gaeilge a tharraingt le chéile in aon áit amháin ionas go mbeidh a fhios ag tomhaltóirí go bhfuil fáilte roimh Ghaeilge in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus tá áthas orm a rá go dtacaímid leis an bprionsabal sin!

Bhí seachtain iontach againn anseo ar an oileán leis an Bioblitz, tháinig na sluaite chuig an oileán ag rinne siad sár obair ag nótáil na speiceas ar fad atá anseo, fuarthas liosta mór d’éin, feithidí, plandaí mamaigh agus éisc. Bhain gach éinne an-taitneamh go deo as a bheith páirteach ann. Anois tá taifead cinnte, deimhnithe de na neacha atá anseo. Ní raibh aon easpa ann ach oiread chonacthas Droimeiteach Beag,Míol Mór Dronnach agus Muca Mara mar aon le Liamhán Gréine. Chaith trí Liamhán Gréine cúpla lá ag snámh sa Chuan Inbhear agus bhain daoine a bhí ag snámh agus ag naomhógaíocht an -sult as a bheith gar dóibh.Cé nár bhuamar an comórtas féin ceal éagsúlacht gnáthóige spreag an tseachtain suim ionainn ar fad in iontais an nádúir. Bua é sin cinnte!

 

Book Accommodation Now!