Ag baint an Fhómhair!
An tráth seo den bhliain bíonn na seacha trom le hualach na seoidíní de smeara dubha ag glioscarnach go mealltach faoin ngrian.
Cuireann siad laethanta m’óige i gcuimhne dom, ag filleadh abhaile ón mbunscoil. Bhíodh cúpla duine dínn ag siúl abhaile le chéile cuma cén sórt aimsir a bhí ann!