An deireadh seachtaine fada i Mí an Mheithimh, sin é an t-am traidiúsnta a láinseáiltear na báidíní beaga anseo timpeall. I mbliana, bhí áthas orainn a bheith páirteach arís sa sean-nós sin. Tá ocht mbliana déag imithe ón uair deireanach go raibh bád ag m'athair ar snámh sa chuan mar sin b'ocáid thábhachtach í. Bhí 'Iris' á dheisiú sa sheid ar feadh tamaill mhaith, bhí go leor obair dheisiúcháin le déanamh uirthi ach anois tá sí ag féachaint galánta, ar snámh go bródúil le péint úr uirthi agus neart eile leis!
Sin í an cheist cad is ceart a dhéanamh nuair a thagann tú i dtír ar an oileán?
Dearfainn féin gurb í sin croí na faidhbe, nach bhfuil tú ar saoire? An bhfuil brú ort rudaí a dhéanamh? Nach bhfuil tú dubh dóite de bheith ag déanamh rudaí gach uile lá beo?
Nílim ag moladh go mbeifeá i do leibide leisciúil ach ní mór seans a thabhairt duit féin sos a ghlacadh.
Tá sé tuillte agat nach bhfuil? Ná bí faoi bhrú ón na 'meáin shóisialta' íomhánna foirfe duit féin agus scata cairde a chrocadh in airde ar an idirlíon chun taifead a dhéanamh de gach uile nóiméad de do shaoire.
Creid é nó ná creid é ach d'éirigh linne áit a bhaint amach ar an ardán i bPáirc an Chrócaigh Inné! Bhíomar sa Chaobh Comórtas sa Chatagóir 'Gaeilge' as ár n-iarrachtaí an ghaeilge a chur chun cinn in ár ngnó sa chomórtas All Star ag an All Ireland Business Summit. Bhíomar an-bhródúil as an aitheantas sin a fháil agus as an deis an scéal a scaipeadh go forleathan go bhfuil Gaeilge agus Fáilte ar fáil in ár dtigh!
Bhí sár lá againn Lá 'le Pádraig, ba é an dara huair dúinn páráid a bheith againn ar Chléire. Bhí fás agus forbairt uirthi i mbliana! Ghlac slua breá páirt inti idir óg agus aosta, idir oileánaigh agus cuairteoirí.
Tugadh suntas de ghnéithe de chultúr agus traidisiún an oileáin, feirmeoireacht, farraige, stair, ceol agus rince. Bhí Gallán Chléire le feiceáil, Éan mór mílteach agus bhí a chairt féin maisithe suas go gleoite ag an mBád Farantóireachta.