Blog

02Jul

Baint an Fhéir!

Tuigim anois an riméad a bhaineann leis an damhsa 'Baint an Fhéir', an fuinneamh, an luas, an chraic agus ar ndóigh an túirse nuair a thagann stád leis an gceol. Meafar deas é an damhsa don obair féinig. Ba í seo an chéad bhliain ós na naoi déag ochtóidí a thugamar faoin bhféar tirim a bhaint. Gan amhras fadó dhéintí an obair sin de láimh leis an bpíce féin amháin. Sa am sin, bhíodh orainn an féar a bhaint, é a thiontú de láimh, cheapfá is dócha nach obair ródhiain í sin, ach ba obair mhór í.

15Jun

Blas an tSamhraidh

An deireadh seachtaine fada i Mí an Mheithimh, sin é an t-am traidiúsnta a láinseáiltear na báidíní beaga anseo timpeall. I mbliana, bhí áthas orainn a bheith páirteach arís sa sean-nós sin. Tá ocht mbliana déag imithe ón uair deireanach go raibh bád ag m'athair ar snámh sa chuan mar sin b'ocáid thábhachtach í. Bhí 'Iris' á dheisiú sa sheid ar feadh tamaill mhaith, bhí go leor obair dheisiúcháin le déanamh uirthi ach anois tá sí ag féachaint galánta, ar snámh go bródúil  le péint úr uirthi agus neart eile leis! 

08May

Tús a'tSamhraidh!!! Things to do on Cape Clear Island

Sin í an cheist cad is ceart a dhéanamh nuair a thagann tú i dtír ar an oileán?

Dearfainn féin gurb í sin croí na faidhbe, nach bhfuil tú ar saoire? An bhfuil brú ort rudaí a dhéanamh? Nach bhfuil tú dubh dóite de bheith ag déanamh rudaí gach uile lá beo?

Nílim ag moladh go mbeifeá i do leibide leisciúil ach ní mór seans a thabhairt duit féin sos a ghlacadh.

Tá sé tuillte agat nach bhfuil? Ná bí faoi bhrú ón na 'meáin shóisialta' íomhánna foirfe duit féin agus scata cairde a chrocadh in airde ar an idirlíon chun taifead a dhéanamh de gach uile nóiméad de do shaoire.