Tús a'tSamhraidh!!! Things to do on Cape Clear Island

08May

Tús a'tSamhraidh!!! Things to do on Cape Clear Island

Sin í an cheist cad is ceart a dhéanamh nuair a thagann tú i dtír ar an oileán?

Dearfainn féin gurb í sin croí na faidhbe, nach bhfuil tú ar saoire? An bhfuil brú ort rudaí a dhéanamh? Nach bhfuil tú dubh dóite de bheith ag déanamh rudaí gach uile lá beo?

Nílim ag moladh go mbeifeá i do leibide leisciúil ach ní mór seans a thabhairt duit féin sos a ghlacadh.

Tá sé tuillte agat nach bhfuil? Ná bí faoi bhrú ón na 'meáin shóisialta' íomhánna foirfe duit féin agus scata cairde a chrocadh in airde ar an idirlíon chun taifead a dhéanamh de gach uile nóiméad de do shaoire.

Tar anseo agus lig do dhraíocht an oileáin cabhrú leat do scith a ligean agus dearmad a dhéanamh ar bhuarthaí an tsaoil ar feadh tamaillín.

Bain sult as an turas báid, féach i do thimpeall ar éin na mara, míolta móra, muca mara, solas na gréine ag lonrú ar an bhfarraige gorm, an tírdreach ag athrú agus tú ag déanamh ar an oileán ar fhíor na spéire.

Éist le ceol na farraige, cogar mogar na ndaoine ar nós crónán na mbeach, súigh isteach an t-aer úr, neamthruaillithe a fhágfaidh blas salainne ar do bheola.

Siúl leat aníos na róidíní beaga agus féach ar na blathanna breátha, sailchuacha, cloigíní gorma dúchasacha, bainne caoin, coiréan coileach,caisearbhán atá ag pléascadh amach as gach scáine sna sean-bhallaí cloiche a thóg ár sinsir fadó. Éist leis an bhfarraige, na beithigh ag ithe féarach, na piasúin ag screachach, srutháin ag sileadh leo sna seandíoganna agus Donncha an Chaipín ag canadh leis féin.

Bain sult as atá i do thimpeall, tarraing anáil, fan socair, dírigh d'aird ar an áit ina bhfuil tú, ar an nóiméad seo, ní féidir leat tada a dhéanamh faoin saol ar an mórthir anois!!

Léim isteach in uiscí fuara glana an chuain, féach ar an bhfeamainn ar snámh, féach síos b'fhéidir go bhfeicfidh tú saláin ag snámh fút ar nós scamall airgid ag rásaíocht.

Déan iontas d'ailleacht na háite. Féach ar na radharcra áille. Fan i do shuí ar an gclaí agus féach ar an ngrian ag dul faoi agus rian an lae ar an spéir.

Fan go dtí go dtagann na réaltaí amach, is féidir iad a fheiceáil go soiléir anseo toisc nach bhfuil an breo saorga oráiste sin a thagann ó shoilse sráide agus tioscalaíocht anseo in aon chor.

Líon do láethanta le háilleacht agus suaimhneas nach leor sin?

 

The top ten things to do on Cape Clear Island?

That is the problem isn't it? we are all about what we should do, while  you are here why not take the chance to do this one thing, enjoy the moment where you are. You are on an island, you can't do anything now about crisis in the office can you? so stop!!! Actually that is quite a challenge, when you try to just be- your mind tends to find other things to distract it,anything in fact except be calm and actually inhabit the moment you are in. Cape is a great place to do that, there is so much beauty to absorb everywhere you look, as the ferry departs, listen to the retreating sounds of traffic and the increasing sound of waves, the chitter chatter of people aboard. Admire the slowly changing sea-scape. Spot  the glint of a dolpin as it dances ahead of the prow, see fat  seals reposing on rocks. Feel  the freshening breeze that tastes of salt. Walk up the narrow tracks, feel the burn in your legs as you climb up the many hills, stop to admire the stunning view, listen to the sounds of the cows munching happily in the meadows, hear the birds twittering away, wait for the sun to go down in a blaze of glory, see the first of a million stars light up the sky without the orange glow of urbanization. Enjoy all the nature around you, do that and you will feel refreshed and renewed, Why not  be good to yourself?

 

 

 

 

 

 

Book Accommodation Now!