Oíche Shamhna

31Oct

Oíche Shamhna

Lasair Otailite

Oíche Shamhna

Laethanta gearra, scamaill throma, ‘is oícheanta fada. Nach álainn an tine?  Aibhleoga ar nós ruibíní beoga ag caochaíl leo dearg, oráiste, liath agus dubh. Croí an tí, cumhrán an adhmaid nó na móna ag éalú amach mar deatach  ón simléar, an cumhrán treisithe toisc an t-aer a bheith siocaithe, friseáiIte seó na realt ós do  chionn agus splancanna na dtinte ealaíne san iomaíocht leo.  Am ar leith í Oíche Shamhna.  I ré na gCeilteach go múchtaí an tseantine agus go n-ofráiltí íobairtí dos na déithe agus ag am áirithe go lasadh na Draoíthe tine na hathbhliana,  caitheadh na daoine nithe beaga isteach sa tine úr, siombail dá mianta is dá n-urnaithe.  Rith na smaointe seo liom agus mé ag féachaint ar Helle Hasner,(Gabha Óir)  ag obair le Ruairí Ó Donabháin (Ealaíontóir) mar chuid den tógra ‘Archipelagic Thinking’ inniú. Thíos gar do Trá Chiaráin a bhí siad ag obair. Bhí fornéis bheag déanta de chré agus cac capaill (yep té sé fíor!!) I lár an úrláir agus Helle agus Ruairí ag babhtáil leo ar an mboilg chun an teas shocrú agus a chothú sa foirnéis. Fad is a bhí siad ag obair leo d’iarr mé orthu an smaointeoireacht taobh thiar den ghnó a mhíniú. Mhínigh Helle go mbíonn sí ag déanamh píosaí seodra agus dealbhóireachta agus gur fearr léi I gcónaí a bheith ag obair le hábhar orgánach seachas gás a úsáid chun miotal a bhruithniú. Mhínigh sí gurb ionann a modh oibre agus modh na ndaoine sa réamhstair. Istigh sa foirnéis bhí fioghual-  boladh álainn ag teacht aníos as, istigh I measc na haibhleoga bhí breogán agus istigh ansin bhí gráinní airigid agus óir á mbruithniú le chéile chun macsamhail d’otailit ón troisc a dhéanamh. Ní hí an otailit an chéad rud a shamhlófá le Tine Shamhna! Dáiríre níor smaoiníos riamh ar chluas an éisc! Mhínigh Ruairí an scéal go foighneach. Tharla gur bhuail babhta vertigo é agus chuir an tinneas isteach an -mhór air, rinne sé machnamh ar thábhacht agus ar fheidhmeanna na cluaise (préamhú an duine sa spás ina bhfuil siad, cothromaíocht a choinneáil) agus neart eile. Cabhraíonn an otailít leis an iasc é féin a threorú ó áit go háit, cinneadh a dhéanamh snámh síos nó aníos san uisce, agus de réir mar a théann an t-iasc in aois cuirtear leis an otailit. Is féidir aois éisc a mheas trí staidéar a dhéanamh ar an otailit. Is cnámh é déanta de charbonáit chailciam. Abhar é seo a seasann teas ocht gcéad céim sa bhreogán. Ar dóigh nach álainn an siombail é an otailit de shaol an duine, cosán na beatha a roghnaigh sé agus imeacht na mblianta snoíte ar an gcnámh féin. Bhí suim ag Ruairí píosa a chruthú  a bheadh mar oídhreacht ealaíona agus ealíonta ar a thréimhse ar Chléire, píosa buan seasmhach-  píosa a fáisceach le hallas, le fuinneamh, le heilimintí orgánacha na háite, an t-aer, an t-uisce, an chré féin! Cé gurb é an rince a speisialtóireacht féin, tá cosúlachtaí eatarthu, fuinneamh agus rithim In oibriú na mbolg, déine na hoibre, cleachtadh agus máistreacht an chéird, nádúr eispéireasach na hoíbre, cuimhní na ndaoine a bhí ag breathnú ar an próiseás. Nuair a bhíonn deireadh leis an bpróiseás, bánn Helle an breogán nó fágann sí lasmuigh é agus ídíonn an aimsir é- déantar cré de arís, siombalachas suimiúil é go bhfáisctear óir agus airgid ón mbreogán ach nach mairfidh an breogán féin. Beimid ag súil  leis an ocáid ina gcuirfear na píosaí ar taispeáint.

 

 

 

Book Accommodation Now!