Naomh Chiaráin 5ú Mhárta 2016

01Mar

Naomh Chiaráin 5ú Mhárta 2016

Lá ‘le Chiaráin, Oileán Chléire.

Gach uile bhliain déantar céiliúradh ar Naomh Chiaráin(Ciarán Saighire), ar an gcuigiú lá de Mhárta ach cérbh é féin? Ceist mhaith dar ndóigh, dar leis na seanscéalta a chuala nuair a bhíos ag fás aníos, rugadh (352AD) agus tógadh Ciarán ar Oileán Chléire. Dúradh gurbh oileánach í a mháthair, Liadhán  an t-ainm a bhí uirthi. Dar leis na scéalta sular éirigh a mháthair torrach bhí brionglóid aici agus dar léi thit réalt anuas ón spéir isteach ina béal, d’inis sí an scéal do na draoíthe chun ciall a dhéanamh de agus dar leo dhéanfadh Ciarán; a páiste, rud éigin as an ngnáth agus bheadh cáil air ar fud an domhain!

Dar leis na scéalta chuaigh sé chuig an Róimh agus rinneadh easpag de agus d’fhill sé ar Éirinn agus ar Chorca Laoidhe, scaip sé an t-sóiscéal ann. Deirtear gurb iad muintir Chléire na céad daoine a ghlac leis an gcríostaíocht in Éirinn, b’fhéidir nach aon chomhtharlú é gur Inis Chléire a thugtar ar an oileán! Is iomaí páiste a ainmníodh ina ónóir ar an oileán agus leanann an traidisiún ar aghaidh go fóill. Trá Chiaráin a thugtar an gcuan ina dtagann an bád I dtír ann agus gar do sin tá Reilig Chiaráin agus fothrach de shean-séipéal ina lár, deirtear gur Ciarán féin a thóg an t-séipeál sin agus ansin tiocfaidh tú ar Ghallán Chiaráin, gallán é a bhfuil crois gearrtha air agus deirtear gurbh é Ciarán féin a rinne é sin. Taobh leis an ngallán tá Tobar Chiaráin, tobar é nach dtriomaíonn agus deirtear faoi gur uisce coiscrithe atá ann. Fadó fadó, bhí roinnt iascairí ag dul amach ag obair don oíche agus theastaigh uisce uathu don tae, chuaigh leaid óg chun é a fháil, ach leaid leisciúil é, thóg sé an t-uisce ón tobar beannaithe agus ní dúirt sé faic. Nuair a bhí na hiascairí amuigh ar an bhfarraige agus sos á ghlacadh acu bheartaigh siad an ciotal a chur ar siúl agus cupán tae a dhéanamh, d’fhan siad agus d’fhan siad agus níor bheirigh an t-uisce! I ndeireadh báire bhí ar an leaid óg a admháil gur thóg sé uisce ón tobar beannaithe! Is dócha gur mó an mhallacht seachas beannacht a caitheadh air an oíche sin.

Bhunaigh Naomh Chiaráin mainistir I Saighir I gCo. Uíbh Fáillí agus  deirtear go ndeachaigh a mháthair agus mná eile ann chun a bheith gar dó. Tá nasc láidir idir Cill Chainnigh agus Cléire sa mhéid is gur in Ardeaglais Naomh Chainneach, (Eaglais na hÉireann) atá cathaoir Chiaráin, cathaoir cloiche a úsáidtear nuair a bhronntar an teideal ‘Tiarna Easpaig’ ar Easpag nua.  Is I gCill Channaigh atá an mhéanscoil chaitliceach is seanda in Éirinn, Coláiste Chiaráin a bunaíodh in 1782.

Lá deas é an cúigiú lá de Mhárta le cuairt a thabhairt ar an oileán, beidh paidreacha thíos ar an gcuan go moch ar maidin in onóir an Naoimh, beannófar na báid agus beidh aifreann speisialta ar siúl ar a 7pm sa séipéal.

Book Accommodation Now!