Maidin Lae Nollag

15Dec

Maidin Lae Nollag

Ar maidin Lae Nollag,
Is orm a bhí an lúcháir,
Ag siúl ar na bántaibh
Is de dhroim na gcnocán;
Solas na gealaí
Mar threoraí romham féin
Is mé ag dul ar aifreann
Le breacadh an lae.
Nuair a thaobhnaíos den dreapadh
Ag clós an tseipéil
Do bhí na soilse ar lasadh
Le blaidhm in san aer,
Na carraí ag sodar
Is ag tarrac go treán
Is gach n-aon ag saothrú
Chun Aifrinn dá réir.

Guímid Nollaig Mhór Mhaith ar ár gcairde, ár ngaolta agus ar ár gcustaiméirí dílse.
May we wish you and yours every joy for Christmas and New Year. From Eileen, Seán and Family.

Book Accommodation Now!