Lá idir dhá Shíon

17Feb

Lá idir dhá Shíon

  Lá idir dhá Shíon

Lá idir dhá shíon a bhí againn inniu. Mhothaíos gur chugam i ndeireadh báire tús an Earraigh! (d’ainneoin theacht agus imeacht Lá le Bríde). Bhuel ar ndóigh tháinig an bháisteach is an gála anocht! De bharr na droch aimsire síoraí is na dianghlasála- dearfainn gur giorra roinnt tréimhsí príosúnachta ná í! bhí sórt ísle brí orm ach chuireas faobhar orm féin agus seo liom.  Thugas faoi na beacha. Bhí cúpla sprioc agam. Ní mór na spriocanna a bheith leagtha amach roimhré.  Ní nós maith é a bheith ag iarraidh déileáil le beacha gan do phlean agus an trealamh a bheith ullmhaithe roimhré nó an beachaire agus na beacha bochta freisin a bheidh thíos leis!  Bhíos chun na tús a chur le frámaí na baicle thíos ar bun an choirceog a athrú. Is córas fádálach é a mhaireann geall le trí seachtaine. Caithfear na beacha mhealladh aníos as an mbun, an bhanríon ( ní maith liom an focal cráinbheach) a choimeád lasthuas den bhosca ar bun, ach gafa sa dara bosca chun smacht a choiméad ar an mbaicle.  An bhanríon a fhágáil ann ar feadh trí seachtaine go dtí go mbeidh an chéad ghrúpa de bheacha nua óga ullamh, ansin baintear an bosca folamh ar bun agus cuirtear an bosca nua, glan leis an mbanríon agus cruibheanna/ uibheacha nua thíos. Pálás glan don bhanríon! Bhíos ag tnúth leis an obair agus theastaigh uaim sraicfhéachaint a fháil ar chúrsaí istigh sa choirceog. Theastaigh uaim an leigheas  frith- varroa a chur isteach. ( Idir mall agus luath on obair seo ach ní raibh an aimsir oiriúnach chuige go dtí seo, ní féidir obair a dhéanamh le beacha go dtí go mbíonn an lá oiriúnach chuige).  Bhíos beagán imníoch faoi cén radharc a bheadh romham; is ionann oscailt coirceoige agus bosca Pandora tar éis an gheimhridh. Cé nach raibh an réamhfhaisnéis go hiontach bhí an lá tirim, grianmhar gan oiread agus puth gaoithe agus teas le braith um thráthnóna. Chuireas orm an éide. (Buíochas le Dia go raibh  dóthain spáis ann go fóill  tá damáiste na Nollag fós gan réiteach agus cúpla ceann roimhe sin!) na láimhíní agus cúpla péire stócaí (níl sé go hiontach má éiríonn le cúpla bheach an ceann is fearr a fháil ort agus cealg a fhágaint i do rúitín!) an fíonghéar, lasáin, ábhar don ‘cheansaitheoir beach’ ( ar m’anam ní cheansódh an diabhal féin na beacha! ní mór bheith lách leo agus seans go scaoilfidís I mbun do ghnó thú!! Is banphrionsaí guagacha, corrmhéiniúla iad!) Gall deas bán ag sruthlú amach ón gcéansaitheoir gach rud ullamh. Bhí na beacha i sár- ghiumar iad ar nós eitealán ag teacht is ag imeacht (roimh covid) le lastaí móra pailine.( Fair plé tá an talamh báite agus geall le gach rud eile dóite ach fós féin fuair siad pailin, ó chaisearbháin, nóiníní agus aiteann dearfainn). Cuireas an t-uirlis coirceoige isteach faoin gcéad dá bhosca féachaint an raibh mórán míl fágtha acu. Dia ár sábháil bhí sé chomh trom gur mheasas gur clocha bhí iontu(stór mór fágtha ón samhradh). Dea-scéal! An choirceog beo le beacha iad a crónán go sona agus áthas orthu más féidir a rá go mothaíonn beacha áthas! (amhrasach in amanna!!) ní haon corrbhuais é a rá gur thug crónán na mbeach, cumhrán na meala is na gaile, teas na gréine ardú meanama dom. Is cumhrán álainn, ar leith é, an meascán sin de mhil, gall agus adhmad a bhaineann go sonrach leis an obair seo. Ní chloisfeá faic ar aon chúrsa beacaireachta faoi na pleisiúir bheaga atá san obair seo! Toisc go rabhadar chomh socúileach, sona chuireas isteach an t-ábhar frith-varroa agus beagán bia agus d’fhágas iad. Is fearr gan bheith dá gcrá nuair is léir go bhfuil siad ag déanamh go maith! Nuair a bhogfaidh an aimsir arís féachfaidh mé isteach orthu agus cuirfidh mé tús le hathrú na bhfrámaí. Tá súil agam nach fada uainn na laethanta geala!

 

Book Accommodation Now!