Gafa le...seo giota as dán le Vitaly Kovalchuk a chaith seal linn le déanaí

21Sep

Gafa le...seo giota as dán le Vitaly Kovalchuk a chaith seal linn le déanaí

Gafa

le Vitaly Kovalchuk ó Ghaeltacht Mhoscó

Táim gafa ag ceo

Ar  Oileán Chléire.

Cá bhfuil an Seanteach Solais,

An Dún is Loch Ioral?

Ní fheicim an bóthar,                    

Gan súil Ard na Gaoithe a aimsiú.

Braithim gur ceomhar

Mo chroí ‘s m’intinn.

Níl ionam ‘s orm ach an ceo.

Táim gafa ag Gaelainn

Ar  Oileán Chléire.

Teanga bheo bhlasta

Is ise le cloisint

Ó mhuintir na háite,

Gan fhadhb agam iad a thuiscint.

Táim cinnte go mairfidh

An Ghaeltacht ar Chléire,

Ní rachaidh sí riamh i léig!

Táim gafa ag cairdeas

Ar  Oileán Chléire.

- Ó, seo é an Rúiseach

Le Gaeilge Dhuibhneach -

A chloisim i gcónaí,

Gan deis pionta eile a sheachaint.

Is breá liom an fháilte

A fhaighim san áit seo.

Ní mise ach cuid den chuideachta.

Táim gafa ag cóisir

Ar Oileán Chléire.

Breithlá a cheiliúradh

Is fáilte roimh éinne.

Tá an chraic i gClub Chléire

Saor ón sotal ach lán de chairdiúlacht.

Is dóigh liom gur chaitheas

Mo shaol ar an Oileán seo.

Níl ionam ach craic is spraoí Chléireach!

Book Accommodation Now!