Blog

23Jan

Tá an tEarrach ar an táirseach!

Bhuel a chairde anois go bhfuil na srianta ag cúlú siar tá an dóchas ann nach mbeidh aon bhac ar athoscailt ar Lá 'le Chiaráin faoi mar a dheinimis i gcónaí! Táimid ar bís le fáilte a chur romhaibh arís go luath!

Anois go bhfuil lá saoire bainc sa bhreis ann i mbliana tá deis sa bhreis ann daoibhse seal a chaitheamh inár dteannta! Is féidir teagmháil a dhéanamh linne leis an bhfoirm ar an suíomh anseo.

29Nov

Nollaig Mhór Mhaith Dhaoibh!

Cé go samhlaímid meath agus éag leis an ngeimhreadh aontaímse féin leis na seancheiltigh! Mothaím gur seasúr athnuachana é. Ciúiníonn an t-oileán agus bíonn seilbh againn arís ar an áit, féadaim siúil ó thaobh amháin go taobh eile leis an madra gan carr nó comhrá a chloisint ach síorsíosarnach na farraige agus ceol na n-éan im' chluaise. (Ní fhaca mo Gharmin aon aicsean ó Mhí Aibreáin!! bhíos róghnóthach!!) bhain mé an deannach de le déanaí agus anois go bhfuil an aimsir thirim agus fuar tá sé foirfe chun tabhairt faoi na cnoic arís!