An Charraig Aonair-Fastnet

30Sep

An Charraig Aonair-Fastnet

 An Charraig Aonair- Ireland’s teardrop

Ba í an Charraig Aonair an radharc dheireadh a bhí ag an t-iliomad imirceach ar an tír seo agus iad ar a mbealach thiar go Meiriceá, cuid acu nach bhfillfeadh go deo na ndeor.

Is iomaí eachtra stairúil agus tragóideach a bhain leis an gCarraig, cuimhním ar an  rás i Lúnasa 1979 nuair a cailleadh ochtar déag, cúig mhairnealach déag agus tríúr de lucht tarrthála- ach bhí beocht uirthi leis. Agus mé ag fás aníos is cuimhin liom mo sheanaintín Frances Kelly, ag insint dom go dtéadh sí féin agus slua maith daoine amach chuig an gCarraig Aonair I rith an tsamhraidh. Go mbíodh ceol agus céilithe ar siúl ann. Is dócha go raibh an chraic go maith as radharc na seanóirí! Ba é Mack Donoghue ina bhád álainn an ‘Patrick’ a thógadh amach iad tráthnóntaí Domhnaigh. Gan amhras bhí na damhsaí agus ocáidí sóisialta seo glan I gcoinne na rialacha! Oíche amháin tháinig duine de na Keepers I dtír go Cléire chun sos beag a fháil dó féin ach faoi mar a tharlaíonn go minic anseo timpeall bhí an aimsir guagach go maith, d’éirigh an ghaoth agus ní fhéadfadh sé filleadh ar an gCarraig Aonair.Bhí air fanacht ar an oileán go dtí gur chiúnaigh an aimsir ach idir an dá línn fuair na huadaráis amach faoin eachtra agus tugadh an bóthar dó ón obair.

Is é an t-eachtra is mó gur suim liom féin ná an ruathar a rinne an t-IRA ar an gCarraig Aonair I Mí an Mheithimh I 1921. Bhí an Colún Reatha as Scoil Mhuire/ Béal Átha an dá Chab, sa tóir ar ábhar pléascach agus maidhmitheoirí. Bhíodh an t-ábhar sin sa stór ar an gCarraig chun an bonnán ceo a fheidhmiú. Bhí Uncail lem’athair, Dónall ó Lionáin as Lios-a-Móine ar Chléire ina oifigeach raidió ar na longa agus bhíodh sé ag iascaireacht ar an Muir Thuaidh. Fear é le taithí na mblianta ar an bhfarraige.

Fadó ba é Scoil Mhuire baile siopadóireachta mhuintir Chléire agus bhíodh an-aithne ag an dá phobal ar a chéile trí thrádáil agus iascaireacht. Bhí aithne ag baill an Cholúin Reatha (Seán O’ Driscoll, Jim Hayes agus Seán Lehane) ar Dhónall agus thuig siad freisin go raibh cur amach aige ar na gléasanna raidió. Tháinig baill an cholúin I dtír ar Cléire Oíche Shathairn áirithe agus bhuail siad le Dónall Ó Lionáin, Dan O’ Driscoll, agus Dan Daly, Ar an Domhnach tháinig na fir eile, John O’Regan, William Daly, Michael Murphy, Tim Murphy, agus Charlie Cotter. Aon duine déag a bhí ar bord bád phoist Chléire, An Maire Cáit. D’fhág siad Trá Chiaráin agus amach leo sa bhearna baol. Bhí long troda Sasanach sa cheantar agus imní ar na fir go n-iarrfaí orthu a ngnó I gcóngar na Carraige a mhíniú. Bheartaigh siad a rá gurbh iascairí iad, cé nárbh iascairí ach seachtar!(http://www.bureauofmilitaryhistory.ie/reels/bmh/BMH.WS1518.pdf)

Amach leo agus tuigfidh éinne a bhfuil taithí aige ar dhul amach chuig an gCarraig Aonair go mbíonn bogadh mór farraige amuigh ann agus de réir mar a théann tú I ngiorracht na carraige ‘sé is measa a bhíonn sé. Thuig na fir é sin go maith, ar braine an bháid bhí John O’ Regan agus téad timpeall ar a bhásta ar eagla na heagla. D’ardaigh an fharraige, d’fhéach John amach roimhe agus léim sé go láidir agus leag sé a chosa ar an gCarraig. Cé nach bhfuil sé luaite ar thaifid mhileata an stáit tá an scéal sa chlann againn féin go ndeachaigh Dónall amach ar an gCarraig agus in airde leis go dtí an seomra raidió áit ar iarr sé ar an oifigeach raidió píosa den ghléas a thabhairt dó ionas nach bhféadfadh an t-oifigeach an scéal a mhíniú dos na húdaráis. Is mionphointe é ach tá sé suimiúil.  An- sheans go raibh aithne ag an gColún Reatha, muintir an oileáin, agus foireann na Carriage ar a chéile agus ba léir ná raibh baill an cholúin ag iarraidh éinne a ghortú amuigh ann nó iad a fhágáil san fhaopach le raidió briste. Thóg siad na maidhmitheoirí agus gunnachadás agus pé ábhar eile a bhí uathu. D’imigh siad leo agus lá nó dhó ina dhiaidh sin tugadh an píosa den raidió a tógadh ar ais dóibh. Níor gortaíodh éinne ar an gCarraig. Léiriú beag ar an tuiscint I measc pobal na bhfarraigí móire gur cara I gcruatan an cara is fearr!

Bhí sé d’ádh ormsa a bheith amuigh lem’athair ag iascaireacht roinnt blianta ó shin agus lá thar a bheith calma a bhí ann. Agus sinn amuuigh ann bhuaileamar le beirt eile I mbad níos lú agus thuas ar an gcarraig bhí duine a raibh aithne ag m’athair air ann d’iarr sé orainn cibé ar theastaigh uainn teacht aníos ar an gcarraig. Bhuel ní raibh air an cheist a chur an dara huair! Bhí ár mbád féin rómhór le dul gar don charraig mar sin thug an fear a bhí sa bhád beag I dtír mé agus le léim fhaitíosach leag mé cos ar an gCarraig. Bhíos ar bís! Níor cheapas riamh go mbeadh an deis sin agam I mo shaol. Cuimhníos ar scéalta mo sheanaintín agus na tráthnóntaí breátha a chaith sí ann ag damhsa. Rinne mé iontas d’airde an túir, de chuinge an iarannróidín a thimpeallaigh an Charraig agus a úsáideadh chun na píosa móra eibhir a thabhairt timpeall chuig an áit cheart. D’oscail sé doras tuibh, trom an túir agus isteach liom. Chonaic meaisíní móra sa seomra ar bun agus dhreapamar aníos an staighre agus de réir mar a chuamar in airde d’eirigh na seomraí ciorcalacha níos lú agus níos lú. chonaic leapacha beag bunc le hais an bhalla, an chistín bhideach. Bhí cuma an- mhanacúil, fheidhmeach ar an áit. Chonaic mé an seomra raidió áit a raibh Dónall I bhfad siar agus I ndeireadh báire suas liom go dtí an lampa. Lampa mór mílteach é leis na lionsaí troma lonracha ar snámh ar lín den airgead beo. Ansin d’oscail sé an doras agus amach linn ar an mbalcón bhí an radharc dochreidte, cé nach lá gaothfar a bhí ann bhí leoithne maith ar a barr. Bhraith mé idir iontas agus sceon. Pribhléid iontach a bhí ann. Is fada an lá anois ó bhí éinne ag maireachtáil ann, ach nuair a bhíomar óg chífimis an t-ingearán dearg ag dul amach ann le solathartí agus na baill foirne. Is t’oíche sula dteimis a chodladh smaoineoimis ar na daoine amuigh ann a choimeád an solas ar lasadh dos na longa móra agus báidíní iascaireachta agus iad ar a mbealach trasna na dtonnta.  

Book Accommodation Now!