Beannachtaí na Féile ó Chléire

24Dec

Beannachtaí na Féile ó Chléire

Nollaig Shona Ó Chléire

Tá an Nollaig buailte linn agus tá coinnle ar lasadh sna fuinneoga ag tabhairt cuireadh do Mhuire. Tá an fharraige a bhí an -suaite le cúpla lá anuas ciúnaithe agus bí cinnte de gur scaoil nios mó ná duine amháin osna faoisimh nuair a fuarthas an nod go mbeadh an bád ag taisteal! Fillfidh cairde agus gaolta ar a ndúchas agus cuirfidh siad go mór le draíocht na Nollag. Um thráthnóna ar 3.30 beidh Seirbhís Carúil na Nollag, seirbhís álainn mhaoithneach í, thíos sa Ghrotto agus cuirfear an Leanbh Íosa isteach sa Mháinséar. Deis le buíochas a ghabhail agus paidrín a sheoladh I dtreo na ndaoine nach bhfuil linn anois. Tá geall le gach rud réidh ach faraor rinneas dearmad glan ar an reoán a chur ar chíste na Nollag! An bhliain seo chugainn seans! Sin cúpla calorie nach mbeidh orm a chailleadh I Mí Eanáir! Dearfainn go mbeidh Daidí na Nollag ag déanamh dian -staidéir ar na mapaí loingseoireachta agus é ag pleanáil a thuras ón Mol Thuaidh thar an gCarraig Aonair anall go Chléire anocht!

Guímid ar fad anseo gach rath, sonas agus síocháin ár ngaolta, ár gcairde agus ár n-aíonna  don Nollaig agus don Athbhliain!

Nollaig Shona ó Mhuintir Uí Lionáin, Max agus Bonnie!

Book Accommodation Now!