News

02Mar

Naomh Chiarán- Naomh an Oileáin

Naomh Chiarán- Naomh an Oileáin

Is é Naomh Chiarán,  Naomh patrún an oileáin agus tá sé luaite in Anála Inis Fathalainn gur rugadh é ar Chléire sa bhliain 352. Ba de shliocht uasal é, duine de Ríthe Osraighe é a athair agus banphrionsa den Chorca Laoighe a mháthair Liadhan. De réir an tseanchais nuair a bhí a mháthair ag súil leis go raibh brionglóid aici gur thit réalt anuas ón spéir isteach ina béal.  D’inis sí an scéal leis an draoi agus dar leis bheadh Mac aici a bhainfeadh éachtaí amach agus b’fhíor dó!

Book Accommodation Now!
09Feb

Tá an t-Earrach Tagtha

Inniú an chéad lá ar mhothaigh mé teacht an Earraigh!

Tá's agam go raibh sé de cheart agam é sin a rá lá 'le Bríde ach dáiríre ní mar sin a bhí!

d'Ardaíos mo sheol agus seo liom chuig an tollán.

Inniú thugas na síolta a cheannaíos i Mí Eanáir anall liom.

Bhí na plandaí a bhí istigh agam ó Mhí Dheireadh Fómhair (chun iad a shábháil ón aimsir chrua) ag cur dath glas an Earraigh orthu féin.

Dearfainn fiú gur tháinig fás orthu thar oíche.

d'Fhéachas ar an bhfíniúin agus bhí mar a bheadh bachlóga beaga ag teacht air!

Book Accommodation Now!
19Jan

Eanáir

Eanáir na hainnise

 

Eanáir na hainnise

Stoirmeacha ag réabadh

Gan stad gan staonadh

Geataí ag scréachadh

Siúlóid ghearr

Gas glas na cainninne ag péacadh

Nóimeat gréine

Dóchas arís!

 

le TNí L

 

 

 

Book Accommodation Now!
21Sep

Gafa le...seo giota as dán le Vitaly Kovalchuk a chaith seal linn le déanaí

Gafa

le Vitaly Kovalchuk ó Ghaeltacht Mhoscó

Táim gafa ag ceo

Ar  Oileán Chléire.

Cá bhfuil an Seanteach Solais,

An Dún is Loch Ioral?

Ní fheicim an bóthar,                    

Gan súil Ard na Gaoithe a aimsiú.

Braithim gur ceomhar

Mo chroí ‘s m’intinn.

Níl ionam ‘s orm ach an ceo.

Táim gafa ag Gaelainn

Ar  Oileán Chléire.

Teanga bheo bhlasta

Book Accommodation Now!
31Aug

Lúnasa… Mí na nGealt!!

 

Bhíomar thar bheith gnóthach I gcaitheamh na míosa le turasóirí ag teacht chugainn ó chian is ó chóngar. Ba dheas linn ar fad an líon daoine a tháinig chugainn agus gaeilge álainn acu Vitaly, Rúiseach ó Mhoscó le Gaeilge le Mumhan ina measc! In Ainneoin go bhfuil ‘daoine dearg le fearg’ I mBéal Feirste agus na bainc ag iarraidh an Ghaeilge a bhaint de na hATMnna is léir go bhfuil an Ghaeilge beo beathach I measc chosmhuintir an domhain!

Book Accommodation Now!
19Jun

Marriage Stones

Dís gallán ag seasamh in éineacht leis na cianta cairbreacha, séasúir, daoine, laethanta, sealaid ag sleamhnú thart, an saol ag athrú ina dtimpeall ach tá’id fós ann, taobh le taobh le spás bheag eatarthu ach péire iad mar sin féin, préamhaithe san ithir ó aimsir na díle. Tá a ndiongbháilteacht agus a mbuanseasamhacht ina ábhar iontais san am seo ina mholtar dúinn dúinn aon sean rud a chaitheamh uainn. B’fheidir go bhfuil ceacht le foghaim uathu!

Book Accommodation Now!