Lúnasa… Mí na nGealt!!

31Aug

Lúnasa… Mí na nGealt!!

 

Bhíomar thar bheith gnóthach I gcaitheamh na míosa le turasóirí ag teacht chugainn ó chian is ó chóngar. Ba dheas linn ar fad an líon daoine a tháinig chugainn agus gaeilge álainn acu Vitaly, Rúiseach ó Mhoscó le Gaeilge le Mumhan ina measc! In Ainneoin go bhfuil ‘daoine dearg le fearg’ I mBéal Feirste agus na bainc ag iarraidh an Ghaeilge a bhaint de na hATMnna is léir go bhfuil an Ghaeilge beo beathach I measc chosmhuintir an domhain!

Tharla seachtain spraoi agus bhí spraoi den scoth ag gach éinne idir óg agus aosta, le rásaí na gcapall, rás rafta, seó na madraí, cluichí agus an rás Mór 5K. Bailíodh neart airgid do na carthanachtaí RNLI agus IMNDA(Motor Neuron)

Cé nach raibh an aimsir ró-ghrianmhar bhí sé maith go leor do na fíonchaora agus bhí raidhse ar na craobhacha sa tollán, agus d’oirr an aimsir dos na húlla leis agus de thoradh sin bhíos abálta lá a chaitheamh ag déanamh suibhe, má deirim féin é tá sé blasta agus ar fáil ón ngeata, ar trí euro an phota!

Tá na hoícheanta ag tarraingt isteach agus an dúlra ag feo agus ag donnú an Montbretia, an Raithneach agus duilleoga na gcrann. Aimsir na scoraíochta buailte linn arís. Tosóidh an Fhéile Scéalaíochta amárach le scoth na scéalaithe ón tír seo agus I gcéin agus seónna ar siúl ar fud an oileáin, oiriúnach do dhaoine de gach aois. Ná cailligí an deis!

Agus ag caint ar dheiseanna féach na sladmhargaí breátha atá ar fáil againne!

 

Book Accommodation Now!