Cainneann Chléire

19Mar

Cainneann Chléire

Tá an -chaint na laethanta seo faoi dhúchas agus oidhreacht agus stair le comóradh Éirí Amach 1916 faoi lán t-seol fud fad na tíre. Bhíos féin ag caint le cara le déanaí faoi oidhreacht, béaloideas agus an ceangal idir dhaoine agus a ndúiche.  Rinneamar macnamh ar na himircigh a chuaigh go Meiriceá fadó ón oileán seo agus thóg clanna thall. Anois is arís filleann a sliocht siúd ar an bhfód dúchais ach ‘sí an tragóid ná nach a ndúchas siúd é ach oiread, ní oileánaigh iad,déanann siad iontas de shaol an oileáin, lorgaíonn siad rian a mhuintir agus is deacair dóibh é a aimsiú uaireanta. Fágtar iad le bearnaí ina seanchas féin, ceisteanna gan fhreagairt, eolas diamhair a shleamhnaíonn uathu ach dar ndóigh is scéal ann féin é scéal sliocht na n-imirceach.

 Nuair a smaoiním ar dhúchas agus dúiche, smaoiním ar theanga, ar chultúr agus fiú rudaí simplí ar nós na rudaí a fhásann in san ghairdín; rith sé liom gur féidir le bia bearnaí ama a tharchéimniú gur féidir le duine ar bith an nasc a dhéanamh idir iad féin agus an áit is dual dóibh. Fásann an Chainneann gar dom, is planda álainn maorga í. San Earrach tagann na duileoga fada úr-ghlas amach, pioctar iad seo, tá blas láidir uathu  áit éigean idir ghairleog agus oinniún.

Fuaireas amach le déanaí gur planda ársa í an chainneann agus go bhfuil scéal diamhair ag baint léi. Luaigh an luibheolaí Babington iad in 1840 nuair a bhí sé ar a sheacht ndícheall tréithe eagsúla na Allium a mhíniú. Meastar gur planda dúchasach í sa Bhreatain agus níltear cinnte cibé ar thug daoine sa réamhstair an planda sin anall go hÉirinn nó an raibh sí ag fás anseo pé scéal é. Deir daoine eile gurbh iad na manaigh a d’fhás iad ina ngairdíní chun iad féin a chothú agus dúradh liom  gurbh iad na Prionsiasánaigh a d’fhás iad ar dtús sa mhainistir ar Inis Arcáin; de réir dealraimh tá'id ann go fóill. Is breá leo áit thirim agus ghrianmhar agus tagann siad ar ais bliain ina dhiaidh bliana nós sinn féin ag súil le samhradh geal gréine!

Beidh na duileoga glasa ar fáil ó seo go tús an t-samhraidh agus má bhíonn tú linn sa teach ar saoire beidh deis agat do nasc a dhéanamh le dúchas na háite nuair a bhlaisfidh tú Cainneann Chléire!

 

 

 

Book Accommodation Now!