Blas an tSamhraidh

15Jun

Blas an tSamhraidh

An deireadh seachtaine fada i Mí an Mheithimh, sin é an t-am traidiúsnta a láinseáiltear na báidíní beaga anseo timpeall. I mbliana, bhí áthas orainn a bheith páirteach arís sa sean-nós sin. Tá ocht mbliana déag imithe ón uair deireanach go raibh bád ag m'athair ar snámh sa chuan mar sin b'ocáid thábhachtach í. Bhí 'Iris' á dheisiú sa sheid ar feadh tamaill mhaith, bhí go leor obair dheisiúcháin le déanamh uirthi ach anois tá sí ag féachaint galánta, ar snámh go bródúil  le péint úr uirthi agus neart eile leis! 

Ní gan dua a lainseáladh í, bhí uirthi teacht síos ar an leantóir agus ansin an jeep a chúlú síos an tráigh comh fada agus ab fhéidir, agus ar deireadh thiar thall í a bhrú isteach an cúpla slat deireanach. Buíochas mór leis na fir a tháinig i gcabhair orainn chun é sin a dhéanamh.  (Tá a fhíos agaibh cé sibh féin!)

Bhí cúpla lá den scoth againn le déanaí agus bhí an t-ádh ormsa an tráthnóna a chaitheamh ag iascaireacht le m'athair. Síos linn chuig an gcuan, chaitheamar orainn ár seacéadaí tarrthála, scaoileamar na téad isteach linn sa bhád, cás Daid an t-inneall ar siúl, agus nuair a bhí sé ag crónán, amach linn go béal an chuain. Amuigh ansin, bhí gaoth  anoir aneas ag seideadh agus  bhí borradh maith ann. Ag dul amach chun na farraige, rinne mé iontas den áilleacht i mo thimpeall, na haille móra,  ídithe ag creimeadh farraige, striochaí glasa, donna agus bána orthu, cruthanna snoíte ag creimeadh farraige agus neart na gaoithe, pluaiseanna móra mantacha, an áirse mór, cumhacht na dtonn, fuaim na bhfaoileán agus an bhforacha ag eitilt ós ár gcionn, lapadáil an uisce le taobh an bháid, éin ar gor ar neadacha sliobarnacha  sna haillte, boladh iaidín san aer, agus blas salainne. 

Tar éis tamaill bhí sé in am tabhairt faoin iascaireacht, chonaiceamar na héin mhara ar snámh i ngrúpa beag agus mheasamar go raibh siad ann ag iascaireacht freisin. Chaitheamar isteach dorú agus duán, tar éis cúpla nóiméad bhí cúpla mhaicréil i bhfostú againn. Bhí siad láidir, airgead, glas, dubh, bán, sláintiúil, glan agus úr. Nuair a bhí dóthain againn don súipéir chasamar isteach i dtreo an chuain arís. Ghlan m'athair iad ar an gcé, fuair na faoiléain na putóga. Abhaile linn, chuireamar meascán de phlúr bán, salainn agus piobar ar na héisc agus isteach leo i bhfriochtán te. Nuair a bhí siad ullamh, bhíodar comh blasta, cé go molann na cócairí mór le rá bradán, colmóir agus doingean mara, measaim féin nach bhfuil aon bhlas níos fearr ná maicréil úr ón bhfarraige cócaráilte go simplí. Is é sin blas an tsamhraidh domsa, ceann de na pléisiúir a bhaineann le bheith ag maireachtáil ar oileán ná go mbíonn laethanta speisialta mar sin agat ar leac do dhoras féin!

 

Book Accommodation Now!